Home / School information - english click here
Am Dul Abhaile:
Má tá aon duine diomaite don tuismitheoir/caomhnóir ag bailiú do pháiste, bí cinnte go bhfuil a fhios ag an scoil roimh ré.
Ní cheadófar úsáid an ghutháin ag daltaí ach amháin i gcás éigeandála.
Cúram Tréadach:
Tá sé de chuspóir againn timpeallacht thacúil, chionúil agus shábháilte a chur ar fáil dár daltaí.
Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go n-aithníonn daltaí a gcuid inní féin agus inní daoine eile. Leagaimid béim ar na pointí seo inár gcuid teagaisc, trí mheán na Litearthachta Mothúchánaí agus Saorántachta agus trí mheán rialacha na scoile.
Ní aontaímid, ar scoil, go bhfuil cead ag dalta duine eile a bhualadh in am ar bith. Ba mhaith linn tacaíocht uaibh leis seo a chur i bhfeidhm. Beidh muid ag cur béime ar fhreagrachtaí gach dalta ó thaobh iompar s‘acu dó agus cearta gach duine sa scoil.
Máistíneacht:
Ní ghlactar leis an mháistíneacht sa scoil seo!
Tá súil againn go gcreideann tuismitheoirí agus daltai go nglactar go dáirire lena
n-ábhar imní agus go dtugtar éisteacht churamach dóibh.
Éistimid leis an dá thaobh agus tairgítear tacaíocht agus tuiscint.Is minic a mbíonn cuidiú de dhíth ar an mhaistín comh maith.
Teagasc Críostaí:
Faoi láthair is é ‘Beo go Deo’ an sraith atá in úsáid againn chomh maith leis an Forgiveness Institute I ranganna 3 agus 4,5,6 agus 7.
Tá sé mar rogha ag tuismitheoirí paistí s’acu a thabhairt amach as na ceachtanna teagaisc críostaí da mbá mhaith leo.
An Pháirtnéireacht Tuismitheoir - Scoile:
Is iad na tuismitheoirí na chéad oideachasóirí ag na daltaí agus is sa bhaile a shealbhaítear de chéaduair an bunús atá le féinsmacht agus le tuiscint ar dhaoine eile.
Oibrímid i bpáirtnéireacht le tuismitheoirí.
Aithnímid an tábhacht atá le tacaíocht na dtuismitheoirí i ngach gné de shaol na scoile.
Táimid ag brath ar thacaíocht o thuismitheoirí le bheith cinnte go:
- dtig daltaí chun na scoile in am;
- n-itheann daltaí snaic agus lón shláintiúil;
- bhfaigheann daltaí oíche mhaith chodlata;
- gcríochnaíonn dalta obair baile;
- dtuigeann daltaí rialacha na scoile agus go mbíonn meas acu orthu.
- Oibrímid le go mbeidh tuismitheoirí ar an eolas agus páirteach sa phróiseas. Is mar thoradh ar an chomhoibriú
is féidir linn gach dalta a fhorbairt de réir a c(h)umais.
Bíonn i gcónaí fáilte roimh an tuismitheoir ar scoil.Má tá ábhar ar leith imní agat gabh I dteagmháil le Rúnaí na scoile agus socrófar am le labhairt leis an mhúinteoir ranga .
Rialacha na Scoile:
Is í an Ghaeilge teanga na scoile s’againn (Tá muid ag cur an-bhéim air seo)
Tabharfaimid aire dá cheile agus do dhaoine eile.
Éistimid le gach duine.
Bímis ag smaoineadh ar dhaoine eile agus muid ag súgradh agus ag bogadh thart na scoile.
Is linne an scoil seo tabharfaimid aire di.
Tá na Daltaí luachmhar againn:
Seo mar a léirítear a luachmhaire atá na daltai:
Molann an múinteoir an dalta sa seomra ranga.
Tugtar tascanna agus rólanna speisialta do na daltaí.
Cuirtear na dalta chuig an Phríomhoide no chuig múinteoir eile nuair atá moladh speisialta tuillte.
Bronntar teastas ar an dalta sa tionól gach seachtain a léiríonn iarracht ar leith i gcursaí iompraíochta nó acadúlachta.
Éilíonn polasaí marcála na scoile freagairt dhearfach bíodh sé sin i bhfoirm labhartha nó scriofa.
Taispeántar obair na ndaltaí fud fad na scoile.
Tugtar le fios don tuismitheoir faoi moladh ar bith ar leith a bhronntar ar an pháiste.
(le tuilleadh eolais a fháil féach polasaí iompair s’againn).
Cad é mar is féidir le tuismitheoir ábhar imní a chur in iúl?
1.Labhair leis an mhúinteoir ranga;
2.Má tá tú buartha ar fad, labhair leis an Phríomhoide;
3.Má mhothaíonn tú nár tugadh sásamh duit, is féidir scríobh chuig ionadaí na dtuismitheoirí ar Bhord na nGobharnóirí nó chuig cathaoirleach Bhord na nGobharnóirí.
Athruithe i socraithe na scoile:
Tarlaíonn athruithe ó am go ham i bhfoireann agus in eagrú na scoile. Cuirfear na socraithe atá sa leabhrán seo i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2009 ar aghaidh.
Polasaithe:
Tá réimse polasaithe againn sa scoil . Ta cóip ar fail do thuismitheoir ar bith ach teagmháil a dhéanamh le múinteoir ranga nó leis an phríomhoide.